Scéim Séarachais na Ceathrún Rua

Scéim Séarachais na Ceathrún Rua
8/6/26, 10:56
Tugann Uisce Éireann cuireadh do bhaill den phobal páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán poiblí neamhreachtúil maidir leis an bhforbairt atá beartaithe d‘ionad cóireála fuíolluisce nua agus an bonneagar lena mbaineann chun freastal ar an gCeathrú Rua i gContae na Gaillimhe.
Tá sé mar aidhm ag an tionscadal riachtanach sin cáilíocht an uisce a fheabhsú, an timpeallacht a chosaint agus tacú le fás inbhuanaithe an phobail áitiúil.
Maireann an tréimhse chomhairliúcháin phoiblí ceithre seachtaine ó Dé Céadaoin, an 3 Meitheamh go dtí Dé Máirt, an 30 Meitheamh.
Mar chuid den chomhairliúchán poiblí, reáchtálfar Imeacht Faisnéise Poiblí i láthair go pearsanta.
Conas is féidir liom bheith páirteach?
Tá roghanna éagsúla ann chun aiseolas a thabhairt agus do thuairim a chur in iúl:
Cuir aiseolas i scríbhinn ar fáil le ríomhphost chuig AnCheathruRuaSS@water.ie
Freastail ar an Imeacht Faisnéise Poiblí inar féidir leat bualadh leis an bhfoireann tionscadail agus ceisteanna ar bith a chur atá agat faoin tionscadal atá beartaithe.
Imeacht Faisnéise Poiblí
Dáta: Dé Céadaoin, an 10 Meitheamh 2026
Am: 4pm – 8pm
Ionad: An Crumpán, An Cheathrú Rua (H91 X4WH)
Beidh baill den fhoireann tionscadail ar fáil chun eolas a chur ar fáil, ceisteanna a fhreagairt agus aiseolas a bhailiú.
Aighneachtaí ríomhphoist:
AnCheathruRuaSS@water.ie
Tá do chuid tuairimí tábhachtach agus cuideoidh siad le forbairt an tionscadail ríthábhachtach seo a mhúnlú.