Plean Teanga
March 3, 2015
Tá Comharchumann Mhic Dara ceaptha ag Údarás na Gaeltachta le Plean Teanga a ullmhú do cheantar na Ceathrún Rua.
Beidh seisiún eolais ag a ndéanfar plé ar chúrsaí Gnó sa gCrompán ar an 7ú Bealtaine 2015 ag 8.30i.n
Beidh fáilte roimh éinne ón earnáil seo gur mian leo freastal ar an seisiún eolais seo.
SUIRBHÉ Plean Teanga
Tá suirbhé ar staid na Gaeilge ar an gCeathrú Rua ar bun faoi láthair.
Tá an suirbhé atá á dhéanamh ag Comharchumann Mhic Dara mar chuid den Phlean Teanga atá á reiteach don cheantar.
Leagfar cóip den suirbhé isteach i chuile theach ó Dhoire Né go Cuan na Loinge agus baileofar é as seo go ceann coicíse.
Tá Plean Teanga á réiteach ag chuile phobal Gaeltachta faoi láthair.

Please reload