GAILEARAÍ: Teaspántas 'Trí Shúile an Ghaeilgeora' sa gCrompán ar an gCeathrú Rua

September 8, 2016

Chaith Tom Gallagher trí mhí ar chúrsa Gaeilge ar an gCeathrú Rua i 1938. Tá na grianghraif a ghlac sé le linn na tréimhse sin le feiceáil sa taispeántas 'Trí Shúile an Ghaeilgeora' sa Chrompán ar an gCeathrú Rua faoi láthair agus an pobal ag cur an-spéis iontu. Pictiúir (dubh agus bán in ómós do Tom Gallagher): Seán Ó Mainnín

Gaolta agus lucht tacaíochta an taispeántais ag seasamh taobh le pictiúr den ghrianghrafadóir féin, Tom Gallagher. Ó chlé: Anna Gallagher (gariníon), Shane Masterson, Joan agus Michael Raftery, Seán Ó Domhnaill, Bainisteoir Comharchumann Mhic Dara; Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge, Tommy agus Marie Gallagher (mac agus iníon Tom) John Ditch, Denise Raftery agus Mary Gallagher.

 

 

Na cuairteoirí deireanacha ar oíche an taispeáintais

 

Pictiúir a bhainfeadh siar asat!

Seán Ó Domhnaill, Bainisteoir Chomharchumann Mhic Dara, agus Mary Gallagher, bean mhic an ghrianghrafadóra Tom Gallaghe

Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge

Mary Gallagher ag caint faoin saothar

 

 

Please reload