Torthaí Comórtas Ghlór na nGael 2017

January 26, 2018

 

Ar an gClár speisialta d’Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, d’fhógair Nóra Welby, Bainisteoir, agus Eoghan Mac Cormaic, Leascheannasaí, Ghlór na nGael torthaí Chomórtas 2017. Fógraíodh suas le €77,000 de dhuaischiste ar maidin agus na duaiseanna sin roinnte ar choistí pobail Ghaeilge fud fad na tíre.

Is iad na coistí seo a leanas na buaiteoirí ina rannóga féin agus is iad a bheas san iomaíocht don seic mór €20,000 agus príomhdhuais na bliana a fógrófar níos moille ag an ócáid bhronnta: Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Béal Feirste: (Coistí le daonra os cionn 20,000), Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua (Coistí Gaeltachta), Glór na Móna, Béal Feirste (Coistí le daonra idir 4,000 & 20,000) agus Coiste Forbartha Charn Tóchair (Coistí le daonra faoi 4,000).

 

Bronnfar na duaiseanna agus an phríomhdhuais gur fiú €20,000 í ag searmanas a bheidh ar siúl ar an Satharn 10ú Márta 2018 in Óstán Glasson, Glasson, Baile Átha Luain.

 

 

 

 

 

Coistí Gaeltachta

1ú Duais €4,000 Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

2ú Duais €3,000 Cumann Forbartha Chois Fharraige, Co. na Gaillimhe

3ú Duais €2,000 Comhlucht Forbartha na nDéise, Co. Phort Láirge

Na Duaiseanna Speisialta

Duais Ógras €1,000 Le fógairt i Mí Feabhra

Duais an Timire €750 Glór na Móna, Béal Feirste

Duais an Oireachtais €500 Cairde Teo., Ard Mhacha

Duais an Fháinne (Dearbhán €1,000 ó Ghael Linn) Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Béal Feirste

Duais Chomhairle Chontae na Gaillimhe €1,500 Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe

Duais Chomhairle Chontae Dhún na nGall €1,500 Líonra Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall

Duais Chló Iar-Chonnacht Dearbhán €1,000 Cairde Uí Néill, Co. Thír Eoghain

Duais Chomhairle na Gaelscolaíochta £1,500 Cairde Uí Néill, Co. Thír Eoghain

Duais COGG €2,000 Muineachán le Gaeilge

Duais Chonradh na Gaeilge €1,000 Pobal ar a’n Iúl, An Ómaigh, Co Thí Eoghain

Duais an Fhorais Patrúntachta  €1,000 Craobh na Bóinne, Co na Mí

 

Please reload