Beannactaí na Cásca ó CLG An Cheathrú Rua

April 11, 2020

Beannactaí na Cásca oraibh ar fad agus súil againn go mbeidh Cáisc shábháilte agus slántúil againn ar fad ag tabhairt aire dúinn féin agus dá chéile. Buíochas ó chroí le na laochra ar fad ón gcumann atá ag cabhrú le deliveries ó siopaí agus cogaslainn na háite i measc rudaí eile. Ní amháin do-chreidte mar sheirbhís ach ardú croí a thugann sé don bpobal cé nach féidir linn a bheith le chéile, nach bhfuil aon duine leo féin ach an oiread. Seasann muid an fód le chéile ar pháirc i gcónaí ach anois níos tábhachtaí tré cabhrú lena chéile i rith an tréimhse seo. Nár laga Dia sibh ar fad agus le cúnamh Dé ní bheidh sé i bhfad sula mbeidh muid ar ais ar pháirceanna le chéile arís. 🔴⚫️

 

Nasc

 

 

 

Please reload