Feachtas 'Le Chéile do Molli' CLG & C.S Mhic Dara

May 14, 2020

 

 

 

Mar chuid den fheachtas Le Chéile do Molli, beidh C.L.G An Cheathrú Rua in éineacht lenar gcairde C.S Macdara ag beartú dúshlán ollmhór a shárú ar son an fheachtais. Bíonn gá do Mholli taisteal go hOspidéal na bPáistí i Sráid Temple go rialta, turas fillte de os cionn 500km. Tá sé beartaithe anseo againn ar an gCeathrú Rua idir an dá chumann an méid seo a rith go leanúnach gan stopadh ar Pháirc an Chathánaigh thar tréimhse 48 uair (ag cloí leis na treoracha scaradh sóisialta). Tosnóidh an dúshlán ag 6.30i.n ar an 29ú Bealtaine agus críochnóidh arís ag 6.30i.n ar an Domhnach an 31ú Bealtaine le cúnamh Dé. Muid ag súil go ndéanfaidh gach reathaí idir 5 agus 6km a rith taobh istigh de leathuair. Ní amháin sin beidh an liathróid ar iompar acu agus á sheoladh ar aghaidh chuig an chéad reathaí eile. Cé go mbeidh baill den dá chumann ag éirí agus ag rith i lár na hoíche, is fiú gach soicind de agus is fiú gach cent a bhaileofar ar son an chailín óg iontach seo agus is léir an meas agus tacaíocht atá ag an bhfeachtas seo tré an méid daoine atá théis a n-ainmneacha a chuir chun cinn cheana féin. Níl ach cúpla spota den 96 slot fós ar fáil. Más mian leat síntúis a thabhairt is féidir sin a dhéanamh tré an link thíos nó dul i dteagmhail le leathanach Facebook C.L.G An Cheathrú Rua más mian slot a ritheacht. - https://www.gofundme.com/f/an-cheathru-rua-go-sraid-temple-…

Please reload