Pictiúir na seachtaine CLG An Cheathrú Rua

June 12, 2020

Seo chugaibh pictiúir na seachtaine seo. Chuir mé mar an chéad ceann an pictiúr de rang a 6 Scoil Mhic Dara a tógadh roinnt míonna ó shin nuair a thug imreoirí sinsir an chumainn cuairt ar an scoil le craobh sraith sinsir an chondae.Imríonn go leo de na daoine óga seo lenár gcumann agus deirtear liom gur rang gealgháireach, spraoúil agus cliste a bhí iontu ar fad. Is gearr anois a bheidh siad ag criochniú sa scoil agus ag dul ar aghaidh chuig an Meánscoil. Guímid chuile rath orthu agus freisin ar scoláirí rang a sé Scoil Cholmcille, Ros a Mhíl agus Scoil Mhuire, An Tuairín. Tá súil againn go dtaitnóidh na pictiúir libh.

 

Tuilleadh

 

 

 

Please reload