Fógra

June 30, 2020

Ócáidí sóisialta áitiúla

 

 

Ba mhaith le Comharchumann Mhic Dara pobal na Ceathrún Rua a chur ar an eolas faoi na gearáin atá faighte acu ó mhuintir an cheantair agus ó choistí áitiúla faoi na hócáidí sóisialta a bhíonn ag daoine óga cois trá.

Is breá an rud é go bhfuil an dream óg ag teacht le chéile agus go bhfuil an deis acu é sin a dhéanamh, go mór mór san am atá ann faoi láthair.  Ach má fhágann siad buidéil, cannaí, gloine bhriste agus ‘chuile chineál bruscair ina ndiaidh - mar atá cuid acu a dhéanamh – ní féidir glacadh leis seo.  Tá drochbhail fágtha ar thránna sa gceantar le mí nó dhó, agus is daoine atá gar do na tránna sin a bhíonn ag glanadh an bhruscair sin. 

Má tá an dream óg seo in ann an chóisir a eagrú agus na deochanna a cheannach, tá siad in ann an áit a ghlanadh ina ndiaidh freisin.  Tugaidís a gcuid bruscair abhaile leo, agus fágaidís an trá mar a fuair siad í, agus déanadh na tuismitheoirí atá ag tabhairt bealach go dtí an trá do na gasúir cinnte go ndéanfaidh siad é seo. 

Is mór an spórt na tránna atá againn, agus is deas go bhfuil an óige in ann leas a bhaint astu.  Ní bheidh siad ar fáil d’aon duine againn má bhíonn brocamas agus bruscar fágtha orthu, agus gloine bhriste agus cannaí meirgeacha.

Mar sin, tugaigí aire dhaoibh féin agus do bhur n-áit spraoi le bhur dtoil.

 

 

 

 

Please reload