An Cheathrú Rua

 
 
 
Bláthanna & Dúlra
Bla¦üth_600px_010
Bla¦üth_600px_011
Bla¦üth_600px_044
DSC_9144
DSC_7597
m7
m6
m5
m4
m3
m2
m1
Bla¦üth_600px_010
Bla¦üth_600px_011
Bla¦üth_600px_044
DSC_9144
DSC_7597
m7
m6
m5
m4
m3
m2
m1

Tá an Cheathrú Rua suite idir Cuan Chasla agus Cuan an Fhir Mhóir, 40 ciliméadar siar ó chathair na Gaillimhe.  Maidir leis an ainm féin, is píosa talún rua nó garbh atá i gceist.  Tugtar Paróiste an Chillín ar an áit freisin, mar gheall ar an séipéal nó an teampall atá i mBarr an Doire.

Ba le cósta a bhí cónaí ar na daoine mar gurbh ann a bhí luach saothair le fáil agus an greim a bhí le cur ina mbéal.  De réir mar a tógadh na bóithre  thosaigh na daoine ag cónaí níos gaire do shráidbhaile na Ceathrún Rua, mar atá aithne anois againn air.

Láithreacha Suimiúla nó Stairiúla  

Tá trácht ar thránna áille Iarthar na hÉireann i bhfad is i ngearr, agus ní eisceacht ar bith tránna an cheantair seo.  Is iomaí duine ar fud an domhain a bhfuil cuairt tugtha aige/aici ar Thrá an Dóilín/An Trá Choiréalach, trá chomh breá agus a d’fheicfeá i siúl lae.  Is féidir dul ag snámh nó ag tumadóireacht san uisce fíorghlan atá thart le cósta anseo, nó dul ag marcaíocht na dtonn má tá an fonn sin ort.  Bíonn garda tarrthála ar dualgas i rith an tsamhraidh ann agus tá stádas an bhrait ghoirm ag an trá.  Ciallaíonn an focal ‘dóilín’ cuas nó góilín. Tá coiréal, mar a thugtar air, le fáil ar Thrá an Dóilín.  Deir na saineolaithe nach coiréal é ar chor ar bith, ach feamainn a dtagann aol aisti, a chruann agus a bhriseann.

Teampall Bharr an Doire

Is é Teampall Bharr an Doire nó Teampall Inis Mhic Ádhaimhan fothrach is sine i leithinis na Ceathrún Rua.  Ceaptar gur tógadh é thart ar an gcúigiú céad déag, mar gheall ar an doras gotach atá air agus an fhuinneog leis an dearadh cuarlíneach.  Deirtear gur thóg Naomh Smuchán, a tháinig amach as Árainn, an teampall in aon oíche amháin.  Tá na ballaí agus na beanna tógtha as cloch eibhir agus na fuinneoga agus na doirse tógtha as cloch aoil.  Is 15.6 méadar ar fhad atá an teampall ó bhinn go binn agus 5 mhéadar ar leithead.  Tá Reilig Bharr an Doire le taobh an teampaill, agus deirtear go bhfuil duine ar a laghad as chuile chontae in Éirinn curtha sa reilig.

Trá an Dóilin

Trá an DóilinTá sí suite in aice le baile na Ceathrún Rua. Tá cáil ar an trá mar gheall ar an gcoiréal mín atá le fáil uirthi. Ach, ní coiréal atá ar an trá ar chor ar bith ach alga coiréilíneach. Níl an cineál seo trá fairsing agus tá an-tábhacht caomhnaithe ag baint léi. Tá seomraí feistis agus leithris phoiblí le fáil ar an trá.

Trá an Dóilín is located near the village of An Cheathrú Rua.The beach is noted for its very fine "coral". Contrary to the English name, Coral Strand, the beach is actually made of coralline algae known as maerl. This type of beach (biogenic gravel) is rare and of great conservation importance. There are public changing rooms and toliet facilities available at the beach.

Loch an Mhuilinn

Bhíodh muileann suite uirthi sna 1780idí ach gur sa Sruthán, ar Bhóithrín Bheachlín a bhí an muileann. Tá an loch ceithre scór troigh i ndoimhneas. Is buncharraig atá sa gcuid ó thuaidh de agus is láib atá sa gcloigeann ó dheas de in aice shráidbhaile na Ceathrún Rua. D’fhéadfadh sé gur chrannóg atá ar an oileáinín a dtugtar Oileán an Phríosúin air, áit a ndeirtear faoi go raibh tionóntaí nach raibh in ann a gcíos a íoc i ngéibheann ag tiarna talún ann.


Loch an Mhuilinn – A mill (muileann) was located at this location. The lake is eighty feet in depth. 

Séipéal Mhic Dara

Bhí an chéad séipéal lonnaithe sa gCaóran Mór. Bhí teach an tsagairt in aice leis. Is é sin an fáth go dtugtar Bóithrín an tSagairt ar an mbóithrín a théann suas Cnoc an Phobail. Faoin mbliain 1850, bhí séipéal nua le feiceáil ar léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis ar an suíomh ina bhfuil an bhunscoil áitiúil, Scoil Náisiúnta Mhic Dara inniu. Bhí teach an tSagairt ar a chúl. Thóg an tAthair Uaitéar Mac Conbhuí an áit chónaithe nua sa bhliain 1889. Tógadh an séipéal atá in úsáid faoi láthair Séipéal Mhic Dara, sa mbliain 1893 .

Séipéal Mhic Dara (the Church) – The first church in more recent times was located in an Caorán Mór, with the priest’s residence next to it. This is why the road leading up Cnoc an Phobail is called Bóithrín an tSagairt.

Trá na Tismeáine

Trá na Tismeáine : Tá Trá na Tismeáine timpeall dhá mhíle go leith as sráidbhaile na Ceathrún Rua. Is gaineamh mín atá ar an trá seo agus tá radhairc áille le feiceáil ón trá seo.

 

Tismeáin Beach is about two and a half miles from the village of Carraroe. The Beach offers beautiful views of the surrounding area and is a popular beach for swimmers.