Baile agus ceantar állainn i gcroílár Shlí an Atlantaigh Fhiáin in Iarthar na hÉireann
Cartlann / Archive
Seo cartlann d’irisí agus leabhar a foilsíodh ar an gCeathrú Rua sna blianta siar. Buíochas le foireann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Treasa Uí Lorcáin, Bríd Nic Dhonncha, Máire Ní Chualáin, Michael Bharry Ó Flatharta & Anna Uí Fhlatharta (Scéim Sóisialta Tuaithe) a chuir roinnt dén abhar seo ar fáil.
Má tá aon ábhar eile ar mhaith libh a chur sa gcartlann (seanirisí nó pictiúir etc.)
cuir chugainn iad ag ancrompanccmd@gmail.com
An Cheathrú Rua
Tá an Cheathrú Rua 25 míle siar ó chathair na Gaillimhe, ar bhóthar an chósta. Tá sé ar imeall Chonamara. Tá tithe tábhairne, bialanna agus siopaí sa mbaile áit a bhfuil na daoine an-chairdiúil.
An Cheathrú Rua is 25 miles west of Galway city, on the main coast road. It’s at the edge of beautiful Connemara. This very friendly town has pubs, restaurants and shops and is a perfect base for touring the gaeltacht West of Ireland.
Mar gheall ar na tránna breátha glana atá thart orainn, bíonn aghaidh na ndaoine sa treo seo i gcónaí. Bhí agus tá obair á sholáthar sa gceantar de bharr tionscail na Gaeilge, agus tarraingíonn an Ghaeilge féin go leor cuairteoirí. Tá na coláistí samhraidh Gaeilge ann a mbíonn daltaí óga agus déagóirí ag freastal orthu, agus tá Áras Mháirtín Uí Chadhain/Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge suite i lár an bhaile freisin, áit a mbíonn mic léinn ag freastal ar chúrsaí léinn agus cúrsaí Gaeilge ar feadh na bliana ar fad.
Because of the clean beaches that surround us, people are constantly drawn in this direction. Work has been provided in the area because of the language industry, and the medium itself draws many visitors. Irish summer colleges are able to cater for young children and teenagers, and Áras Mhairtín Uí Chadhain/NUIG is located in the town centre too, where students attend language courses during the year.