top of page

Údarás na Gaeltachta

Údarás na Gaeltachta

4/6/26, 10:07

Showcase 2027 - Léiriú Suime á Lorg ag Údarás na Gaeltachta
An bhfuil táirgí uathúla agat a léiríonn nuálaíocht, ardchaighdeán agus cultúr na Gaeltachta? Seo an deis duit iad a thaispeáint ar cheann de na haontaí trádála idirnáisiúnta is mó; Showcase 2027, san RDS, Baile Átha Cliath.
📅17–19 Eanáir 2027
📍RDS, Baile Átha Cliath
⏰ Spriocdháta: Aoine 31 Iúil 2026 ag 4.00 i.n.
Céard é Showcase?
Is é Showcase ceann de na haontaí trádála is mó i réimse na ceardaíochta, an dearaidh agus na dtáirgí cruthaitheacha - áit a mbuaileann dearthóirí agus ceardaithe le ceannaitheoirí ó gach cearn den domhan.
Tá Údarás na Gaeltachta ag tabhairt tacaíochta do ghnólachtaí Gaeltachta páirt a ghlacadh sa taispeántas seo. Tabhair faoi deara gur próiseas iomaíoch é seo. Ní bheidh seastán ag gach iarratasóir.
📋 Conas iarratas a dhéanamh?
Seol nóta chuig eolas@udaras.ie agus cuir 'Showcase 2027' mar ábhar an ríomhphoist chun cóip den fhoirm iarratais a fháil.
Tuilleadh eolais faoi Showcase: showcaseireland.com

bottom of page