Comórtas Amhránaíochta Nuachumtha Fhéile Rua

Comórtas Amhránaíochta Nuachumtha Fhéile Rua
18/6/26, 11:58
🎶 An bhfuil fonn ort amhrán nua Gaeilge a scríobh?
Tá iarratais á lorg anois do STÉIBH ’26, comórtas amhránaíochta nuachumtha Fhéile Rua!
Má tá cónaí ort i nGaeltacht na Gaillimhe nó más as an gceantar duit ó dhúchas, seo do dheis do cheol agus do chruthaitheacht a chur os comhair an phobail.
🏆 Duaiseanna:
🥇 €600 + taifead proifisiúnta
🥈 €300 + taifead proifisiúnta
📅 Dáta deiridh d’iarratais: 23 Deireadh Fómhair 2026
Tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais: feilerua2024@gmail.com
Nocht do ghlór, do cheol agus do chruthaitheacht – cuir isteach ar STÉIBH ’26 agus bí mar chuid de cheiliúradh ceoil agus cultúir na Gaeltachta i gcroílár na Ceathrún Rua!
#STEIBH26 #FeileRua #CeolGaeilge #Gaeltacht #AmhranNua #CeathruRua