top of page

Seachtain Glas An Cheathrú Rua

Seachtain Glas An Cheathrú Rua

21/4/26, 10:17

Tá an Retrofit Rig ag teacht go dtí an Ghaeltacht!
📍An Crompán, An Cheathrú Rua
📅27 Aibreán - 1 Bealtaine
Imeachtaí:
💡Clinicí fuinnimh do chomhlachtaí agus d’úinéirí tí
🌲Cláir speisialta do dhaltaí meánscoile
♻️Cúrsa saor in aisce NZEB (Nearly Zero Energy Buildings)
👷‍♀️Seisiúin eolais faoi dheontais agus deiseanna fostaíochta nua san earnáil ghlas
Tuilleadh eolais: https://udaras.ie/.../udaras-na-gaeltachta-ag-tabhairt.../
Seolfar an Rig go hoifigiúil ar ar an Luain 27ú Aibreán le neart imeachtaí do gach aoisghrúpa le bheith ar siúl le linn na seachtaine. Beidh an Rig lonnaithe ar an gCeathrú Rua ar feadh na seachtaine agus beidh seomra poiblí ar fáil sa Chrompán le breis imeachtaí agus deiseanna plé, caint agus comhrá.

Beidh seastán ag GRETB, an Chomhar Creidmheasa agus roinnt eile le linn na seachtaine. I measc na n-imeachtaí beidh:

Clinicí Fuinnimh do Chomhlachtaí (SEAI) – NB ní mór áit a chur in áirithe
Dé Máirt 17:00-19:00 - cláraigh anseo
Clinicí Fuinnimh do Úinéirí Tithe (SEAI/ GFI)

Déardaoin 17:00-19:00 - cláraigh anseo
Cúrsa Feasachta NZEB do Chonraitheoirí:

Déardaoin 09:00-15:00 Cúrsa saor in aisce, creidiúnaithe ag City & Guilds agus gan gá le taithí roimh ré. Más spéis leat tabhairt faoin gcúrsa feasachta, is féidir spéis a léiriú - cláraigh anseo
Seisiúin Plé d’eagrais forbartha pobail ar deiseanna fuinnimh
Clár NZEB do dhaltaí meánscoile
Séisiúin Eolais ar an nGeilleagar Ciorclach

Dé Céadaoin 14:00-17:00
Seisiúin Eolais le Colm MacEachmharcaigh, Chomhordaitheoir ar Thithe Folmha sa Ghaeltacht:

Déardaoin 14:00-17:00 Eolas á roinnt faoi na deontais atá ar fáil agus deis deacrachtaí i do cheantair a roinnt leis

Maidin Chaife faoi scéim “Tithe Teo”:
Dé hAoine ó 09.30-11.30

bottom of page