Suíomhanna cuí chun beagnach 3,000 teach a thógáil i nGaeltacht na Gaillimhe

Suíomhanna cuí chun beagnach 3,000 teach a thógáil i nGaeltacht na Gaillimhe
2/4/26, 10:58
Deir Comhairle Chontae na Gaillimhe go bhfuil an talamh ann chun beagnach 3,000 teach eile a thógáil i gceantair Ghaeltachta an chontae ach go bhfuil deiseanna tógála “an-teoranta” i gConamara mar gheall ar easpa seirbhísí.
De réir figiúirí a cuireadh ar fáil do Choiste Tithíochta an Oireachtais, d’fhéadfaí 2,824 aonad cónaithe a thógáil ar thalamh i nGaeltacht na Gaillimhe atá criosaithe chun cónaithe agus a bhfuil seirbhísí ar fáil air
Is i mBearna, ina bhféadfaí 1,071 aonad breise a chur ar fáil, agus i mBaile Chláir (949) atá formhór na talún atá i gceist. Tá spás ann chun 285 aonad breise a thógáil i Maigh Cuilinn, 250 atá i gceist ar an gCeathrú Rua agus 159 atá i gceist ar an Spidéal.
Rinne Comhairle Chontae na Gaillimhe athzónáil ar thalamh an mhí seo caite chun tuilleadh a chur ar fáil d’fhorbairt tithíochta.
Dúirt ionadaithe ón gcomhairle leis an gcoiste Oireachtais go raibh easpa seirbhísí ag cur teorainn leis an bhforbairt a d’fhéadfaí a dhéanamh ó thaobh na tithíochta de sa nGaeltacht. Dúradh go raibh suíomhanna ag an gcomhairle i ndeisceart Chonamara agus i gCill Rónáin, mar shampla, ach nach raibh seirbhísí ar fáil.
Dúradh nach raibh ach trí bhaile i nGaeltacht Chonamara a bhí ceangailte le hionad cóireála fuíolluisce – Bearna, an Spidéal agus Maigh Cuilinn. Dúradh go raibh an t-ionad cóireála fuíolluisce a osclaíodh ar an Spidéal cúpla bliain ó shin tar éis cur go mór leis an talamh atá ar fáil ansin do thithíocht.
Tá pleananna ann le fada chun ionad cóireála fuíolluisce a thógáil ar an gCeathrú Rua agus cé go bhfuil cead pleanála faighte ag Uisce Éireann chun ceann a thógáil, tá suíomh don ionad fós le roghnú.
Dúirt na hionadaithe ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe go raibh treoirlínte nua le teacht ó Uisce Éireann maidir le cúrsaí fuíolluisce agus go raibh súil ann go bhféadfaí grúpaí beag tithe a thógáil ar an suíomh céanna faoi na treoirlínte sin gan iad a bheith ceangailte le hionad cóireála.
Deimhníodh ag an gcruinniú go raibh Comhairle Chontae na Gaillimhe agus an Roinn Tithíochta ag obair le chéile chun forbairt tithíochta i Ros an Mhíl a cheannach agus athchóiriú.
Rinne Comhairle Chontae na Gaillimhe measúnú le gairid ar thithe a bhí á ndíol ag an gComhlacht Ceadaithe Tithíochta, Tearmann Éanna ar shuíomhanna i Ros an Mhíl agus in Eanach Mheáin. Beartaíodh gur chóir don Roinn Tithíochta na sé theach i Ros an Mhíl a cheannach, a athchóiriú agus a chur ar fáil mar thithe sóisialta. Dúirt ionadaí ón gComhairle Contae go raibh súil ann go mbeadh na tithe réidh le soláthar roimh dheireadh na bliana seo nó an bhliain seo chugainn.
Dúradh gur cinneadh nach raibh na 13 teach in Eanach Mheáin feiliúnach mar gur tógadh iad mar thithe saoire agus bheadh an iomarca oibre i gceist chun iad a athchóiriú agus a chur ar fáil mar thithe sóisialta.
Dúradh gur tháinig fadhbanna struchtúracha chun cinn le linn an mheasúnaithe chomh maith.
Dúirt an chomhairle nár tógadh aon teach inacmhainne i nGaeltacht Chonamara le blianta beaga anuas agus go raibh 351 teach sóisialta nua curtha ar fáil ó 2020.